Comhghairdeas leis na bunscoileanna Bliain 2 a chríochnaigh an tionscadal FCÁT le déanaí. Thug siad faoi 8 seachtaine de theagasc na Matamaitice ag baint leas as an gCur Chuige FCÁT agus bhain na páistí tairbhe is spórt as na ceachtanna bríomhara tascbhunaithe seo. Bhí spórt is spraoi ag na Naíonáin le gníomhaíochtaí sórtála agus patrún. Is bhí na hArdranganna gnóthach ag tomhais nithe éagsúla taobh istigh agus taobh amuigh den seomra ranga.

Cuireadh tacaíocht leanúnach ar fáil ó fhoireann Oide i gcruinnithe seachtainiúla áit
- go ndearna iniúchadh ar straitéisí teagaisc agus foghlama
- gur cuireadh le tuiscint na múinteoiríar choincheap FCÁT agus
- gur roinneadh samplaí de dhea-chleachtas.
FCÁT Iar-bhunscoile
D’éirigh go hiontach le tionscadal FCÁT Iar-bhunscoile i mbliana agus grúpa scoileanna ó cheann ceann na tíre ag glacadh páirte. Bhí múinteoirí ag teagasc na n-ábhar seo a leanas trí mheán na Gaeilge – Corpoideachas, Tíreolaíocht, Matamaitic, OSPS, OSSP agus Oideachas Reiligiúin le lucht an chéad bhliain.
Cuireadh tacaíocht ar fáil do na scoileanna rannpháirteacha ar bhonn seachtainiúil le linn an tionscadail agus is mór an dul chun cinn agus an comhoibriú idir scoileanna a bhí le feiceáil ó sheachtain go seachtain.
Tá ardmholadh ag dul leis na scoileanna, na múinteoirí, is na páistí a ghlac páirt sa tionscadal i mbliana.
